Camera
Togra Scannánaíochta FÍS
Thabhairt isteach scannán isteach sa seomra ranga bunscoile
Camera
Light

Ar Chúl Stáitse

Sa bhliain 2010 bheartaíomar clár faisnéise a dhéanamh ar imeacht na féile féin. Is lá an-suimiúil é agus bíonn go leor daoine éagsúla bainteach leis — mic léinn ón IADT a léiríonn an seó chomh maith le hóstach an tseó agus na daltaí uile agus a gcuid múinteoirí. Ba mhaith linn an fuinneamh agus an iarracht seo uile a thaifeadadh chun go bhfeicfeadh gach duine iad.

Is é an toradh deiridh air sin ná clár faisnéise 5 chuid a théann ar chúl stáitse ag féile 2010, a thugann ar turas sinn ón uair a tosaíodh ar shuiteáil an stáitse go dtí na sceitimíní tráth ar tháinig Uachtarán na hÉireann.

Tar le Chris agus a fhoireann agus iad ag dul áit nach raibh aon cheamara riamh roimhe seo …

Cuid 1 | Réamhsheó | Lá 1
An tráthnóna suiteála roimh Fhéile Scannáin Fís a bhí ann agus bhí sé … an-ghnóthach.

[vimeo]https://vimeo.com/18532870[/vimeo]
Cuid 2 | Suiteáil | Lá 2
Lá 2 agus tá lá an tseó druidte linn. Tá an criú fós ag cur gach rud le chéile agus téann Chris agus Karl ar camchuairt timpeall an stáitse sula gcuirtear tús leis an réamhléiriú.

[vimeo]http://vimeo.com/18535809[/vimeo]


Cuid3 | Uair an tSeó | Lá 2

Beidh uair an tseó ann go luath agus téann Karl ar lorg Sinéad Kennedy, óstach an tseó agus é i mbun iarrachta foghlaim ar bhuaigh a scannán gradam. Ag an am céanna, tá Chris gafa leis an scaoll roimh an seó.

[vimeo]https://vimeo.com/18538114[/vimeo]


Cuid 4 | Gradam Karl | Lá 2

Níl ach 10 nóiméad fágtha agus tá Karl cinnte go mbuafaidh a scoil gradam. Anois caithfimid ár n-ionaid a ghlacadh chun an eachtra mhór a fheiceáil…

[vimeo]http://vimeo.com/18915768[/vimeo]


Cuid 5 | An tUachtarán | Lá 2

Agus an gradam deiridh amach romhainn níl tásc ná tuairisc ar an Uachtarán ach beidh sí ag teacht, cinnte, a deirtear linn! Caithfidh foireann FÍS dul i ngleic leis na rudaí go léir a bhaineann le seó beo.

[vimeo]http://vimeo.com/18949041[/vimeo]