Camera
Togra Scannánaíochta FÍS
Thabhairt isteach scannán isteach sa seomra ranga bunscoile
Camera
Light

Féile Scannán FÍS

Is imeacht bliantúil a thugann scoileanna le chéile a bhfuil a scannáin ar an ngearrliosta do ghradam “Sárghnóthachtála” atá i bhFéile Scannán FÍS. Is imeacht fíorspreagúil atá anseo agus le blianta beaga anuas reáchtáladh in amharclann an Helix i mBaile Átha Cliath é. Freastalaíonn beagnach 900 dalta as 24 scoil gach bliain chun ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach acu sa scannánaíocht le linn na scoilbhliana.

Taifeadann mic léinn ón Scoil Scannán Náisiúnta ag IADT searmanas Fhéile Scannán FÍS cosúil le craoladh teilifíse beo mar chuid dá dtaithí foghlama sa choláiste. Mar sin, is lá uathúil atá ann ar a dtagann daltaí bunscoile agus mic léinn tríú leibhéil le chéile.  Féach ar an réamhfhógra seo chun blaiseadh a fháil don atmaisféar a bhíonn sa Helix gach bliain …

[vimeo]https://vimeo.com/19785318[/vimeo]

 

In 2011, go gairid tar é a thofa mar Uachtarán na hÉireann, d’fhreastal Mícheál D. Ó hUiginn ar Fhéile Scannán FÍS. Éist lena óráid spreagúil má bhíonn am agat. Ba onóir a bhí ann é a bheith i láthair ag an bhFéile, chun na leanaí ar fad a rinne scannáin an bhliain sin a spreagadh agus a thacú. Bhíomar faoi phribhléid.

[vimeo]http://www.vimeo.com/33273770[/vimeo]