Camera
Togra Scannánaíochta FÍS
Thabhairt isteach scannán isteach sa seomra ranga bunscoile
Camera
Light

Seisiún 6

Is é seo ceann de na píosaí is fearr leis na páistí — páirteanna agus cúlraí soghluaiste a chruthú…

Tá na hAmharcealaíona clúdaithe aige seo ar feadh coicíse ina dhiaidh, ar a laghad – cuimhnigh ar am agus ar spás. Thóg mé go leor grianghraf inniu. Bhí an-craic acu agus is maith an rud é sin a thaifeadadh chun é a léiriú ina dhiaidh sin. Is é an focal a ritheann liom chun cur síos a dhéanamh ar pháirteanna soghluaiste ná ‘deilbhíní’ – daoibh go léir atá sean go leor chun cuimhneamh ar ‘Buntús’! Tarraingíodh, péinteáladh agus gearradh amach neart gráinneoga agus ioraí. Feicim go mbeidh fadhbanna againn anseo leis na méideanna éagsúla agus doimhneachtaí éagsúla na ndathanna ach ní bhacaim leis faoi láthair go dtí go dtabharfaidh na daltaí iad féin an fhadhb faoi deara…deis luachmhar chun scileanna anailíse, meastacháin agus réiteach fadhbanna a fhorbairt.